About
Shop
Contact Us

Mass Readings

Liturgical Readings for : Sunday, 12th May, 2024
Today's Readings
Readings in English

CÉAD LÉACHT

 Sliocht as Leabhar Gníomhartha na nAspal       1:1-11
Agus iad ag faire, tógadh suas é.

Thug mé cuntas cheana, a Theofail, ar gach a ndearna Íosa agus ar ar thug sé de theagasc uaidh ó thús go dtí an lá a tógadh suas ar neamh é, tar éis dó a chuid orduithe a thabhairt le cabhair an Spioraid Naoimh do na haspail a bhí tofa aige. i ndiaidh a pháise is iomaí cruthú a thug sé dóibh go raibh sé beo, á nochtadh féin dóibh ar feadh daichead lá agus ag cur síos ar ríocht Dé. Ascension1Uair dá raibh sé ina gcuibhreann d’ordaigh sé dóibh gan corraí ó Iarúsailéim ach fanacht ann go dtí go gcomhlíonfaí gealltanas an Athar,
An gealltanas úd,” ar sé, “ar chuala sibh mé ag trácht air: rinne Eoin baisteadh le huisce, ach déanfar sibhse a bhaisteadh leis an Spiorad Naomh i gceann beagán laethanta.”

Más ea, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile, thosaigh siad á cheistiú: “A Thiarna,” ar siad, “an anois atá tú chun ríocht Iosrael a athbhunú?”
Ach d’fhreagair sé iad:
Ní aon chuid de bhur ngnósa é eolas a fháil ar na hamanna na ar na tráthanna atá leagtha amach ag an Athair as a údarás féin. Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”

Ar rá an méid sin dó, tógadh suas os comhair a súl é agus d’ardaigh scamall as a radharc é. Fad a bhí siad ag stánadh in airde sa spéir ina dhiaidh sheas beirt fhear in éadaí bána ina n-aice.
Afheara na Gailíle,” ar siad, “cad ab áil libh in bhur seasamh ansin ag amharc in airde sa spéir?
An Íosa seo a tógadh suas ar neamh uaibh, tiocfaidh sé an tslí chéanna ina bhfaca sibh ag dul suas é.”

Briathar an Tiarna                Buíochas le Dia

Salm le Freagra                Sm 46
Freagra                                 Gabhann Dia in airde le gártha molta;
gabhann sé in airde le séideadh an stoic.

Malairt Freagra                Alleluia!

I.  Buailigí bhur mbosa, a chiníocha uile, gairdigí do Dhia Ie teann lúcháire!
Óir is ard é an Tiarna agus is uamhnach, ina ardrí os cionn na cruinne.                          Freagra

2. Gabhann Dia in áirde le gártha molta; gabhann sé in airde le séideadh an stoic.
Seinntear ceol dár nDia; seinntear ceol dó Seinntear ceol dár rí; seinntear ceol dó.     Freagra

3.  Is é Dia rí na cruinne go léir. Seinnigí agus canaigí ar bhur ndíheall dó
Tá Dia ina rí ar na náisiúin; tá sé ina shuí ar a chathaoir naofa.                                        Freagra

Alleluia Véarsa                     Mth 28: 19-20
Alleluia, Alleluia!
Imigí, deanaigí deisceabail de na nárisiúin uile,’ a deir an Tiarna;
‘Táim in éineacht libh i gcónai go dtí deireadh an tsaoil.’
Alleluia!

DARA LÉACHT 

Sliocht as Litir N.Pól chuig na  hEifísigh     1:17-23
Chuir sé ina shuí ar a dheis féin sna flaithis é.

jesus siting at the rightA bhráithre, bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air. Go soilsítear súile bhur n-aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige agus cad é mar oidhreacht fhairsing ghlórmhar atá aige i ndán don phobal naofa agus ollmhaitheas na cumhachta a chuir sé i bhfeidhm ar ár son-na, creidmhigh – an chumhacht éachtach úd a chuir sé ag obair i gCríost nuair a thóg sé ó mhairbh é agus chuir ina shuí ar a dheis sna flaithis é go hard os cionn gach ceannas agus údarás agus cumhacht agus tiarnas agus os cionn gach ainm dar féidir a ainmniú ní sa saol seo amháin é ach sa saol atá le teacht chomh maith. Agus chuir sé gach ní faoina smacht agus cheap é, os cionn gach ní, ina cheann ar an Eaglais is corp dó agus arb í iomláine an té úd a líonann gach ní go hiomlán í.

Briathar an Tiarna                    Buíochas le Dia

SOISCÉAL      

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir Naomh  Marcas      16:15-20
Tógadh suas ar neamh é, agus chuaigh sé chun suí ar dheasláimh Dé.

San am sin thaispeáin Íosa é féin don aonar déag agus iad ag bord, agus d’athchas sé leo a ndíchreideamh agus stuacacht a gcroí, mar nár chreid siad an mhuintir a chonaic é aiséirithe.
Agus dúirt sé leo:
  Jesus final sermon “Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile. An té a chreidfidh agus a bhaistfear, slánófar é; ach an té nach gcreidfidh, daorfar é. “Agus leanfaidh na comharthaí seo an dream a chreideann: caithfidh siad deamhain amach i m’ainmse, labhróidh siad i dteangacha nua; tógfaidh siad nathracha ina lámha, agus má ólann siad aon deoch mharfach, ní dhéanfaidh sí díobháil dóíbh; leagfaidh siad a lámha ar easláin, agus beidh siad ar fónamh.

Tar éis dó labhairt leo, dá bhrí sin, tógadh an Tiarna Íosa suas ar neamh, agus chuaigh sé chun suite ar dheasláimh Dé. Ach iad siúd, d’imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair lei a comharthaí a lean é.

Soiscéal an Tiarna.             Moladh duit, a Chriost


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart

************************************
Machtnamh ar Bhriathar Dé dia Domhnaigh Tuirlingt ár dTiarna ó Neamh

Tiomna Déanach ár dTiarna

BFhuras an misean a thug sé dóibh a thuiscint ach deacair a chur i gcríoch. Sé a bhí i gceist daoine a theagasc d’réir mar a mhúin Sé dóibh. D’réir mar a d’iarr sé ar a dheisceabail cloí leis, bhí orthusan daoine eile a mhealladh chun cloí lena threoracha chomh maith. Ní mór don chlár athraithe agus slándála dul ó glún go glún, go dtí claochlú an domhain. Leis na hathruithe go léir atá tagtha i saol na heaglaise agus iad siúd atá le teacht amach anso, ní raibh agus ní bheidh aon athrú ar dhá rud: Íosa é féin, agus a theachtaireacht grásta agus trócaire. Is buan iad an Teachtaireacht agus an Teachtaire, agus níl athrú i ndán dóibh. Ba chóir do dhaoine a bhfuil imní orthu faoi athruithe san eaglais agus atá i ndán di amach anso gur féidir bheith muiníneach as bunghnéithe a an chreidimh. Tá Sé le linn i gcónaí … agus a misean is ár misean é freisin. Mar adeir an file: “Scríobhann tú leathnach úr den soiscéal gach lá, / trí na rudaí a dhéanann tú is na briathra a deireannn tú / bí deimhin de go bhfuil do scríobhainní seasamhach agus fíor / Mar sin de cad é do shoiscéal?”

Pádraig Ó Rúairí, cp, Sliabh Argus, Átha Cliath.
********************************************